Ag gabháil dom sior chun Droichead Uí Mhóradha
Píce im dhóid ’s mé ag dul i meithil
Cé casfaí orm i gcuma ceoidh
Ach pocán crón is é ar buile…
Ailliliú, puilliliú, ailliliú tá an puc ar buile!
Ailliliú, puilliliú,
ailliliú tá an puc ar buile!
Níor fhág sé carraig go raibh scót ann
Ná gur rith le fórsa chun mé a mhilleadh,
S’Ansan sea do cháith sé an léim ba mhó.
Le fána mhór na Faille Bríce…
Ailliliú, puilliliú, ailliliú tá an puc ar buile!
Ailliliú, puilliliú,
ailliliú tá an puc ar buile!
Bhí garda mór i mBaile an Róistigh
Is bhailigh fórsa chun sinn a chlipeadh
Do bhuail sé rop dá adhairc sa tóin ann
S’dá bhríste nua do dhein sé giobail…
Ailliliú, puilliliú, ailliliú tá an puc ar buile!
Ailliliú, puilliliú,
ailliliú tá an puc ar buile!
I nDaingean Uí Chúis le haghaidh an tráthnóna
Bhí an sagart paróiste amach ‘nár gcoinnibh
Is é dúirt gurbh é an diabhal ba Dhóigh leis
A ghaibh an treo ar phocán buile…
Ailliliú, puilliliú, ailliliú tá an puc ar buile!
Ailliliú, puilliliú,
ailliliú tá an puc ar buile!