AN CAILIN RUA *

Nach doiligh domhsa mo chailin a mholadh
‘S ni he amhain mar bhi si rua
Bhi si mar gath greine a dhul in eadan na gloinne
Is bhi sceimh mhna na finne le mo cailin rua

cho: Thug me liom i o bhaile go baile
O gheaftai Dhoire is go Baile an Luain
Chan fhiul aon mhile ar shiul me ‘r a fad sin
Nach dtug me deoch leanna do mo chailin rua

B’fhearr liom i na bo is na bearrach
A bhfuil da loinghis a’ tarraingt chun cuain
B’fhearr liom aris na cios cluain maidne
Go mbeinn is mo chailin in mBaile an Luain

Chuir me mo chailin go margadh Shligidh
B’e sin fein an margadh bhi daor
Bhi scilling agus punt ar a pheice mine
No go dtug mise na fuinneadh do mo chailin rua)

Chuaigh si siar le broga breach’ uirthi
Ribini glasuaine teannta ‘ar a gruaig
D’ealaigh si uaimse le buachaill an tsiopa
‘S a Ri, nar dheas i mo chailin rua

Dá mbeinnse i mbliana mar bhí mé anuraidh
Toigh beag ‘bheith agam i gcois an chuain
Chuirfinn mo bhád amach ar a’ tSionainn
Agus bhéarfainn abhaile liom mo chailín rua

B’fhearr liom í ná bó is ná bearrach
Nó a bhfuil de loingis ag tarraingt chun cuain
Bhí sí mar gha gréine ag dul in éadan na ngloiní
Scéimh mhná na Finne le mo chailín rua

Thug mé liom í ó bhaile go baile
Fríd Bhaile ‘Cliath ‘un na geaftaí crua
Chun fhuil aon mhíle ó d’fhág mé an baile
Nach dtug mé deoch leanna do mo chailín rua

Bhí ceann gruaige leí síos go talamh
‘Gus barra na finne go dtug sí leí
Ba mhéanar don fhear óg a gheobhadh í le mealladh
Rogha na gcailíní mo chailín rua

Dá mbeinn chomh saibhir is a bhí mé anuraidh
Thógfainn toigh mór ar an chnoc údaí thuas
Fíon agus ór ‘siad bhéafainn do mo stór
Is bhein a’ gabháil ceoil le mo chailín rua

Chan fhuil aon teach ósta a casadh romhainn sa bhealach
Nach dtug mé deoch leanna do mo chailín rua
Ach d’imigh sí léi le buachaill siopa
Slán go bhfillfidh tú a chailín rua

Dutch Tour

Geef een reactie

Je e-mailadres wordt niet gepubliceerd. Vereiste velden zijn gemarkeerd met *