EILEEN AROON/EIBHLÍN A RIÚN

Le grá dhuit níl radharc am cheann,
Eibhlín a Riún,
Is trácht ort is saidhbhreas liom,
Eibhlín a Riún;
Ó mo mhórdháil ró-ghreidhnmhear thú,
sólás na Soillse’s tú,
Ó mo lile thú, mo mheidhir is tú,
mo bhruinneal thú go deimhin.
A’s mo chlús dá bhfuil sa choill seo’s tú.
As mo chroí ‘stigh níl leigheas gan tú,
Eibhlín a Riún.

Le cúirtéis na tlúig bhéit, is tú,
Eibhlín a Riún,
Dúrt bréag nú’s liam fhéinig tú,
Eibhlín a Riún,
Mar is breátha ná Bhénus tú,
‘sis áilne ná’n Réilthean tú;
Ó mo Hélen tú gan bhéim is tú mo rós,
mo lil mo chraobh
Mo stór d’á bhfuil sa tsaol so’s tú,
Agus rún mo chroí agus mo chléibh is tú,
Eibhlín a Riún.

Do shiúlfainn féin i gcónáí leat,
Eibhlín a Rún 😐
Do shiúlfainn féin i gcónáí leat,
síos go Tír Amhlghaidh leat,
Mar shúil go mbéinn i gcleamhnas,
Eibhlín a Rún.

An dtiocfaidh no’n bhanfaidh tó,
Eibhlín a Rún 😐
Tiocfaidh mé, ‘sní fhanfaidh mé,
Tiocfaidh mé,’ sní fhanfaidh mé
Tiocfaidh mé, ‘sní fhanfaidh mé
‘S éalóidh mé stór.

Sheolfainn féin gamhna leat,
Eibhlín a Rún 😐
Sheolfainn féin gamhna leat,
síos go Tír Amhlghaidh leat
Mar shúil go mbeinn i gcleamhnas leat,
Eibhlín a Rún.

An dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú,
Eibhlín a Rún? 😐
Tiocfaidh mé is ní fhanfaidh mé,
tiocfaidh mé is ni fhanfaidh mé
Tiocfaidh mé is ní fhanfaidh mé
is ealóidh mé le me stór.

Geef een reactie

Je e-mailadres wordt niet gepubliceerd. Vereiste velden zijn gemarkeerd met *